Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Fáth a bhFuil Lannach ar an bhFaocha

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 057

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Fadó nuair a bhí Íosa ag teicheadh ó na saighdiúirí, bhíodar ag teacht suas leis lá amháin is ní raibh aon áit aige le dul i bhfolach ach isteach i bhfaocha. Chuaidh sé isteach sa bhfaocha is nuair a bhí Sé istigh, thainic lanach uirthi an nós nach bhfeicfidhe Íosa.
Chonaic an chiaróg Íosa ag dul isteach sa bhfaocha is d'innis sí do na siaghdiúirí é is dubhairt sí go raibh Sé sa bhfaocha a raibh lanach uirthi. Ar an bpoinnte sin tháinic lanach ar chuile fhaocha sa gcladach is chinn ar na saighdiúirí Íosa a fhágháil.
Uaidh sin amach tá lanach ar chuile fhaocha.

Bailitheoir
Máire Ní Bhríain
Inscne
baineann
Teanga
Gaeilge