Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní ar an amadán bhí an mhoill, rug sé ar an laidhe is mharbhuigh sé an duine uasal. Thugadar an fear leo ansin is chuir siad i bportach é. Bhí fhios ag an máthair go innseochadh Manus chuile shórt is d'athruigh sí arís is chuir sí pocaide gabhair in áit.
Is gearr go dtáinic tór ar an duine uasal is d'innis Mánus gur mharbhuigh sé féin é is chuir a mháthair i bpoll é.
Chuaidh na gardaí is Mánus go dtí an poll a raibh an duine uasal curtha. Dubhairt na gardaí le Mánus dul isteach agus an duine uasal a tharraingt amach.
Chuaidh Mánus isteach is tharraing sé amach an gabhar. "Seo anois díbh é is feicim gur fhás péire adharc ar an diabhal ó chuir mé ansin é.
D'imthigh na gardaí ansin mar bhí fhios aca gur amadán a bhí in Mánus.- Bailitheoir
- Máire Ní Bhríain
- Inscne
- Baineann