School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 052

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 052

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 052
  3. XML “Scéal Mhánuis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici darbh ainm Mánus. Bhí Mánus ina leath-amadán agus níor cuireadh ar an scoil é go raibh sé ina bhuachaill óg. An lá ar cuireadh ag an sgoil é bhí carr ag dul thart agus málaí airgid air le haghaidh lucht bóithre a íoc is thuit ceann aca de. Tráthúil go leor casadh go Mánus é is thug sé abhaile go dtí na mháthair é.
    Chuir sé féin agus a mháthair i bpoll talmhan an t-airgead, ach bhí fhios ag an máthair go raibh Mánus cabach is d'athraigh sí arís é is chuir sí sliogáin ina áit.
    Is gearr go dtáinic toruigheacht ar an airgead agus d'innis Mánus go bhfuair sé féin é is gur chuir sé féin agus a mháthair i bhfolach é. Chuaidh an t-amadán agus an duine uasal go dtí an áit a raibh an t-airgead i bhfolach ach ní bhfuair siad ach sliogáin. Bhí baramhail ag an bhfear gur ag máthair Mhánuis a bhí an t-airgead is d'fhan sé sa teach san oidhce, mar shúil go bhfuigheadh sé an t-airgead. Nuair a tháinic an oidhce dubhairt a mháthair le Mánus an fear a bhualadh leis an laidhe agus é mharbhughadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1600: The Fool as Murderer
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhríain
    Gender
    Female