Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Tomhasanna

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Fear caol dubh 'na sheasamh ar mhullach an chnuic, is gach a bhfuil de photógaibh ina chorp ar creathadh leis an olc.
Freagra: Gunna.
Tháinic ceithre chosa isteach, chuaidh cúig chosa amach, chaith dhá chois trí chois ag iarraidh an chois a chuaidh amach a thabhairt isteach.
Freagra: Caora a mharbhuigh fear an tighe is sgiob an gadhar ceann dá chuid cosa is chaith fear an tighe stól trí cosa leis an ngadhar ag iarraidh cois na cois na caorach a bhaint de.
Gilín ó Gil thar farraige anoir fear innsint mo sgéil gan féith ná fuil.
Freagra: Litir.
Sheas mé amach i ndoras mo Dhaideó agus chonaic mé an rud marbh ag iomchur an fhir bheo.
Freagra: Bás.
Ceathrar cloinne a chuaidh ag baint slat an tslat a bhaineadar, chaitheadar uathu é agus an tslat nár bhaineadar thugadar leo é.
Freagra: Ceithre ghé.
Chuaidh mé ins coille ag iarraidh carr aghmuid, thug mé abhaile craol cairr de agus ní raibh orlach de cam nó díreach. Minn ságha.
Mult iarainn agus ruball olann as.
Freagra: Snáthad Mór.
Each caol dubh agus a haghaidh sa sruth

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Bhriain
Inscne
baineann
Seoladh
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Ó Bhriain
Inscne
fireann
Seoladh
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge