Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 034

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Uair amháin bhí bean agus fear pósta agus bhí beirt ghasúr aca. Bhí siad an-bhocht. An lá seo chuir an t-athair agus an mháthair an bheirt ghasúr amach ag baint sguaba marbhí paighe maith le fágháil aca oraibh an uair sin. Nuair a bhain siad an chéad sguab d'éirigh éinín amach agus lean siad é.. Bhí siad dhá leanmhaint go raibh sé 'na oidhche. Ansin chuaidh siad abhaile chuir an t-athair agus an mháthair a chodladh iad gan aon suipéar. Nuair a d'éirigh siad ar maidin chuaidh an t-athair in éindigh leo agus nuair a bhain sé féin an chéad sguab d'éirigh an t-éinín agus thosaigh an t-athair gá leanmhaint agus is gearr gur thuit sé'na oidhche agus chuaidh sé abhaile. Ansin dubhairt an mháthair gur ceart an rud céadhna a dhéanamh leis féin agus a rinneadh leis na gasúir an oidhche roimhe sin. Ar maidin nuair a d'éirigh siad chuaidh an mháthair in éindigh leo agus nuair a bhain sí an chéad sguab d'éirigh an t-éinín agus lean sí é. Chinn uirthi teacht suas leis, séard a rinne sí an cóta a bhaint di agus é a chaitheamh ar an éinín. Fuair sí greim air. Thug sí abhaile é. Ní raibh aon sgoil aice agus bhí rud sgríobhtha faoina sgiathán agus ní raibh sí in ann é a léamh. Bhí an oiread bródh ar na gasúir agus go ndeacha siad a chodhladh gan aon suipéar. Ar maidin nuair a d'éirigh na gasúir céard a fuair siad ar an urlár ach ubh óir. D'éirigh an t-athair agus thug sé chuig an gabha geal é agus fuair sé scór punt uirthi. Lá ar na bhárach bhí ubh eile aice

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Eibhlín Ních Confhaola
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Brighid Ních Confhaola
Inscne
baineann
Teanga
Gaeilge