Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear ann fadó agus bhí triúr mac aige. Cailleadh a bhean agus phós sé arís. Bhí ann gráin aici ar an triúr mac agus ba mhaith leithe iad a chur chun báis. Chuaidh sí féin agus iad fein ag imirt cartaí agus chuir sí faoi gheasa iad gan an dara béile a ithe ar aon bhord ná an dara oidhche a chodladh ar aon leaba nó goj dtiubradh siad stal na gclog a bhí sa domhain thoir go dtí an teach aici.
Bhí an triúr mac brónach go leor agus d'inis an triúr mac an sgéal dó agus bhí an t-athair ann bhrónach freisin. Chuir sé an bhean i seomra fuar dorcha agus dúirt sé leithe nach bhfágadh sí é go dtiocfadh an triú mac abhaile go dtí é. D'imthigh leo an chéad lá eile agus bhí siad ag siubhal leo agus casadh fear orthu sa deire agus bhí sé bacach. Cá bhfuil sibh ag dul? Tá muid ag dul go dtí an domhain thoir go ngoididh muid stal na gclog agus go dtiubhradh muid abhaile ag ár leas mháthair é. Is deacair sin a dhéanamh agus is fearr díbh mise a leigean i n-éindigh libh mar tá mé indan gaididhe a dhéanamh níos fearr ná sibhse. Is mise gadaidh dubh ó dúbháin nó ar chual sibh ariamh trácht air. Chualas ár n-athair agus sean daoine eile ag caint ort go minic.D'imthigh leo annsin.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Colm Ó Máille
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Liam Ó Máille
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge