Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teach boiligín agus dubhairt, “Ta im agus arán anseo boiligín” Amach lé boiligín ar an bpoinnte agus rug sí air agus chaith sí sa mála é. Bhíodar ag imtheacht gur rabhadar ag dul tar coill. Dubhairt boiligín “ní deaca m’athair ná mo mháthair thar an gcoill seo ariamh gan slat a bain dom. “Tá go maith adeir an cailleach”. Chuaidh sí ag baint slaite agus chuir boiligín clocha móra sa mála agus d’imthigh sé féin abhaile. Nuair a chuaidh sí ag iompar an mála dubhairt sí “Trom trom é boiligín”. Chuaidh sí abhaile agus suas leithe ar an teach agus bhí pota mór crochta ar an teine. Sgaoil sí anuas na clocha mar síl sí gur bé boiligín a bhí ann agus briseadh an pota eile agus ba b’ é an dara pota briste annsin. Do shocraigh an bhean deir dul ar a thóruigeacht annsin. Do chuaidh sí go dtí teac boiligín agus dubhairt “Im agus arán sa mála seo do boiligín.” Do chuaidh boiligín amach agus chaith sí siar sa mála é. Chroch sí leithi é agus í go háthasach.
Nuair a bhíodar ag dul thar an gcoill dubhairt boiligín Ní dheacha m’athair ná mo mháthair thar an gcoill seo gan séo ariamh gan slat a bhaint ach ní dhearna sí a chomhairle. Nuair a chuaidh sí abhaile thug sí boiligín isteach sa teach go bhfeicfheadh sí b’é boiligín a bhí ann, agus b’ b’é. Bhíodar lé boiligín a mharbadh ach d’fhág siad sgathain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Seoige
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brigid Ní Seoige
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe