Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Seán an tSléibhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an ceannuighe isteach an giorrán i sgioból agus thosuigh sé ag bualadh an ghiorráin. Chaith sé dá lth. chr cuige ach sin é an méid dá marbhochthaí é.
    Chuaidh na ceannuighthe go dtí Seán an céad lá eile le haghaidh é a marbhugad. Nuair a tháinigh na ceannuigthe isteach - tosuig Seán agus a bhean ag troid, mar budh eadh. Dheamhan blás a rinne Seán, ach rasúr a fhághail agus í a thairringt ar mhuinéal a mná agus tháinich go leor fuil amach.
    "A Diabhail", adéir an ceannuigh "tá do bhean marbh agat." Ní túisge liomsa mó bhean a mharbhadh ná í a dhéanamh beó. Fuair sé adharch ón ráta agus chuir i mbéal a mná í, agus dubhairt sé leithí "Éirig go beó." Déirigh an bhean.
    "Ó" adeir an ceannuigh "an dtiubharfá an adharc sin dhomsa agus maithfidh mé do chionnta dhuit."
    "Tiubhrad" adéir Seán. Nuair a tháinich an ceannuigh abhaile mharbh sé a bhean agus chuir sé an adharc ina béal agus dubhairt sé leithí "Éirigh go beó" (a dubhairt an ceannuig). Ach níor éirigh mar bhí si marbh in dá ríríbh.
    Chuaidh an ceannuighe go dtí Seán agus fearg air.
    An tam a dtáinic sé bhí Seán ag obair inaice locha agus ba lá ann bhréagh a bhí ann.
    Bhí beithidhigh Sheáin go léir cruinnigthe ar bhruach na locha agus bhí a sgáile san uisge.
    Sé an chéad rud a d'fhiafhruigh an ceannuighe de
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1542: The Clever Boy
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Briain
    Inscne
    Fireann