Scoil: Inis Niadh (uimhir rolla 11938)
- Suíomh:
- Inis Ní, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Caitlín Ní Thuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Niadh
- XML Leathanach 230
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit i gceann Reamar ar a dtugtar Aill na n-éan Agus bhí fear ag siubhail an chnuic le tuitim na h-oidhche oidhche Samna. Nuair a bhí sé ag dul tar an aill d'osgail doras ins an aill Agus tainic beirt fhear amach agus tug siad isteach é.
Bhí an teac taobh istigh lán le sidheogaibh Agus bhí siad go leir tart air Agus bhí siad ag iarraidh air rud eicín a ól ac ní olfadh sé tada uata Bhí sé i bhfad annsin agus d'osgail an doras agus rith an fear amac agus tug sé adastar buide leis agus bhí na sidheoga go leir na diaidh agus nuair a táinic na sidheogaibh i ngar do cuirfeadh sé an adastar buidhe faoi agus tugfadh sé an bealach leis Thárla go dtáinic sé go dtí sruthán uisge agus cuaidh sé tairis Agus fios aige nach feidir le spiorad ar bith dul tar uisge san oidhche. Dubhairt na sideogaí "Tá an t-adh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Ó Guairimh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Guairimh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Inis Ní, Co. na Gaillimhe