Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)

Suíomh:
Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Hannraoi Ó Coinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 192

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 192

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Mór Iata
  2. XML Leathanach 192
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean an uair amháin agus bhí mac amháin aici agus sé an t-ainm a bhí air Mághnus. Cuir a mháthair uibheachaí i mbosca agus chuir sí gé ina luí orthu. Lá amháin chuaidh sí amach sa ngáirdín agus ní raibh aoinne sa teach acht an mac. Bhí an dúil ag Manus i bhfeoil agus chuaidh sé go dtí an áit a raibh an bosca agus rug sé ar an nge agus marbuigh sé í. Bhí pota uisge ar teine agus chuir sé an ge sa bpota annsin luighe sé féin ar na h-uibheachaí agus d'fhan sé annsin ar feadh cupla uair. Ní raibh sé i bfad go dtáinigh a mháthair isteach agus bí sí ag tóruigheacht an mac gach áit sa teach agus faoi deire thiar thall glaoidh sí air. Nuair a chuala Mághnus a máthair ag glaoidheach air dubairt sé ós árd "Glug Glug a máirín tá Maghnus ar na h-uibheacha." Ní raibh fhios ag an mháthair cá raibh sé acht faoi dheireadh chonnaic sí a chlogeann aníos as an mbosca. Annsin rug sí taobh amuigh air agus bhuail sí go trom é mar gheall ar an nge a marbhu mar ní raibh aici acht í. Annsin cuir sí taob amuigh den doras é agus dubhairt si leis imtheacht as a h-amharc go brath aris. D'imig sé leis gach duine a casfaidhe air bhídís
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Seoige Tomáis
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Bhéal an Mháma, Co. na Gaillimhe