Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Mór Iata
- XML Leathanach 162
- XML “Seanscéal Naofa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal NaomhthaBhí beirt mná ann uair amhaín. Bhí siad i na gcomhnuidhe i dteach beag agus bhí páiste óg ann. Cailleadh máthair agus athair an páiste seo. Bhíodh an bhean seo i gcomnuidhe ag íarraidh ar Dhia clann a cur chuicí mar níor raibh aon clann aici. Annsin chuala sí go dtainigh an Mhaighdheann Mhuire istheach go dtí bean ar an mbaile dhá oidhche roimhe sin agus subhairt go bfhanfadh sí i na suidhe gach oidhche feasta agus go bfeidir go tiocfad an Mhaighdeann Mhuire isteach chuicí. Annsin glán sí an teach go maith i gcoir na Maigdine Muire. Ba í oidhche Nodlagh an oidhche a bhí le teacht agus bhí an bean cinnthe go dtiocfadh an Maighdheann Mhuire isteach chuicí. Níor raibh sé i bhfadh go dtáinigh oidhche Nodlag. Fúar an bean cineal bheannuighthe agus leagh sí ar an bfuinnneoig í agus lás sí í. Annsin chuaidh sí siar sa seomra agus d'fág sí an doras an t-seomra f-oscailte agus chuaidh sí ar a glúnaibh sa seomra agus bhí sí ag rádh a cuid paidreacha. Faoi ceann teacht leath-h-uaire chonnaich sí an Mhaighdeann Mhuire ag teacht isteach an doras agus tháinigh fhaithcíos ar an mnaoi. Annsin sheas an Mhaigdheann Mhuire i lár an urlár agus d'éirigh an bhean agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máirthin Seoíghe Sheáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Bhéal an Mháma, Co. na Gaillimhe