Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)

Suíomh:
Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Hannraoi Ó Coinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 153

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Mór Iata
  2. XML Leathanach 153
  3. XML “Oíche na Gaoithe Móire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is fada ó bhí oidhche na gaoithe móire againn acht béidh cuimhne air go bráth i nÉireann ar an ropadh agus an réabadh a rinne sé. Níor fág sé teach ar bith in a sheasamh, leag sé chuile cheann acú. Briseadh crainnte agus leagadh claidheacha mór thimcheall na bailte. Bhíodh na daoine ag ceapadh nach mbéadh ann acht sórt stoirm a thagfadh go minic acht ní hé an cainnt a bhí acu faoi ceann dhá uair. Bhíodh na daoine dul ag craitheadh uisge beannuighthe agus ag rádh an paidrín páirteach. Béidh cuimhne grinn ag na daoine ar an oidhche sin mar bhí an oidhche ba mheasa a tháinig ariamh nó a thiocfas go bráth. Marbhuigheadh daoine agus beithidhigh agus caoirigh agus chuile sórt ainmhidhe atá ar an saoghal seo. Leagadh cocaí féir agus cruacaí coirce agus cruacaí móna agus scuabadh isteach ins na locanna agus ins na h-aibhneacha iad. Na bpoll fataí a bhíodh acu cuireadh ar fud na cnochán agus bruachanna agus níl fhios cá ndeacha a leath acu. Ar maidin ní raibh teach ar bith le feiceáil nó claidhe acht chuile rud scuabtha leis an ngaoth. Ní raibh fhios aige na daoine cá raibh a gcuid móna nó coirce nó a gcuid féir agus b'fhéidir go raibh cor duine ag tógbháilt coirce agus féir le fear éigin eile b'éidir seacht míle ón áit. Bhí na daoine an-bocht acht chríochnuigh an oidhche sin ar fad iad. Marbhuigheadh a leath de daoine. Aniar as bhfairrge thiar a bhí an ghaoth ag teacht agus ag cur an t-uisge isteach in aghaidh na talmhan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. gaotha (~357)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Seóige Thomáis
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Uillinn Thiar, Co. na Gaillimhe