Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)

Suíomh:
Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Hannraoi Ó Coinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Mór Iata
  2. XML Leathanach 103
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    A Mhuire cad do dhéanas mé ar maidin amáireach...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    VI (ar aghaidh)
    Sar a dtéigh tú ‘na liostáil san arm galda.
    Nach bhfuil le fághail acht bíadh do bhéal.
    Críoch
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí mé maidin samhraidh dul an bóthar siar...

    I
    Bhí mé maidin samhraidh dul an bóthar siar,
    Casadh gearr-chaile orm ar taoibh an bóthair ag bláth na mbó le cliadh,
    Dearc mise ar a brogaí ‘gus ar a rós a bhí ‘na h-aghaidh,
    Sé mo bhrón nach bhfuil mé agus tú pósta
    ‘S tú an Nóra Deas Ní Taghaidh.
    II
    ‘S deas a tráth go fóill é ó dtubhairt sé siúbhal agus tar liom go Eochaill
    ag baint an fhóghmhar buidhe.
    Ní rachaidh mé leat go Eochaill nó in aon áit ar bith fén saoghal
    Nuair chuaidh mise go Eochaill leat is olc díolfaidh tú díom.
    Gur fhág tú ag siubhal an bothar mé agus mo páiste le mo thaoibh.
    III
    Tiochfaidh mo stóir amáireach annseo
    Shocruigh Cathal Clár Dó ar bhárr a tighe
    ‘S bainfimíd an hata ó Sheán agus ní glachfaidh feoirling faoi.
    Nó go bhfaigheann mo rac árd atá ar chul mo cinn.
    IV
    Geobhfaidh mé rac árd dhuit na gcosnuigheann sé gine buidhe.
    ‘Sé mo raca féin a bhfearr liom ní gcosnuigheann sé acht dhá phingin.
    Dá mbéadhadh leabaidh deas luachmhair ann le mo rún síonadh ann
    Dhólfainn bairle uisce-beatha agus na bairle bheadh lán
    leabaidh dheas ann luachmhar le mo rún a shíonadh ann
    ‘S ní ólann luach an modh tuisge le mo cailín catach bán.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Hannraoi Ó Coinnigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Bab Seoighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe