School: Cloch na Rón (C) (roll number 15389)

Location:
Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Máire, Bean Uí Chuinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0006, Page 193

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0006, Page 193

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cloch na Rón (C)
  2. XML Page 193
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oidhche bréagh bhí mánach as mainisteair Cloch-na-Rón ag rothaidheact ó áit éigin go Cloch-na-Rón. Bhí sé go mall san oidhche ach mar sin féin ní raibh an oidhche dorcha mar bhí an gealach ag lonnradh.
    Bhí croidhe éadtrom ag an mánaigh agus é ag rothaidheacht, agus ní raibh scannradh ar bith air gídh go raibh sé i n áit uaignigh act ar feadh tamaill d'airigh sé go raibh sé ag eirghe ana te. B'éigin dó dul tré coill uaigneach, agus dar ndóigh tháinic eagla an domhain air. Bhí sé ag rothuidheact go tapaidh annsin mar cheap sé go raibh rud éigin 'gá leanamhaint, ach léim a chroidhe nuair a chonnaic sé fear mór árd 'na shéasamh os cómhair gheata móir.
    Bhí an fear gléasta i culaidh gorm le chnapaí airgead ann, thosuigh sé ag siubhal go tapaidh i n diaidh an mhánaigh, dá tréine dá imtigh sé choinnigh an fear suas leis. Ag an am sin bhí an mánach caillte leis an bfaitchios, agus ní raibh sé in ann a phaidrín a thógaint amach as a phóca, ach sa deire d'eirigh leis, agus ag an bpoinnte is chonnaic an fear an paidrín leag sé scread as agus d'imtigh sé as radarc an mánaigh. Nuair tháinic an mánach abhaile d'innis sé an scéal, agus dár ndóigh ní rachaid sé amach go deireannach airís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Íde Ní Chuimín
    Gender
    Female
    Address
    Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Máirtín Ó Dómhnaill
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe