Scoil: Cloch na Rón (C) (uimhir rolla 15389)
- Suíomh:
- Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dioghaltas na h-Easóige.
Lá breágh gréinne i mí lúghnasa bhí fear ag baint fhéir i pairc mór agus nuair bhí sé 'ghá mbaint cheap sé go raibh rud cruaidh sáidhte ins an speil agus d'fhéach sé suas agus céard bhí ann ach easóg óg agus í marbh. Nior cheap an fear go raibh aon dochar ann agus chuaidh sé abhaile go sásta.
Bhí sé de ghnáth ag an bhfear sin bheith ag caitheamh tobac san oidhche. An oidhche sin chuala sé torann ag an doras ach cheap sé nach raibh ann act an madadh agus níor oscail sé an doras. Act tar éis tamaill chuala sé an torann airís, agus annsin chuaidh sé go dtí an doras agus d'oscail sé é. Fe mar a cheap se ní raibh ann act an madadh. ach d'fhuaraigh a chuid fola in a chuisleachaibh nuair a chonnaic sé an rud a bhí ag an madadh--mar bhí greim fiacla ag an sean-easóg air.
Annsin chreid sé go raibh an sean-easóg ag teacht ar ais cun sásamh a bhaint amach mar gheall ar an easóg a mharbhú sé.- Bailitheoir
- Íde Ní Chuimín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Stiophán Ó Chaonaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe