Scoil: Cloch na Rón (C) (uimhir rolla 15389)

Suíomh:
Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chuinn

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cloch na Rón (C) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0006, Leathanach 185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Thárla an rud uathbhásach seo in Úactar Árd i Co na Gaillimhe an t-ám a bhí cogaibh Napolean ar suibhail. San am sin, thug na daoine faoi ndeara go mbíodh cuirp na daoine a bhí curtha, tógaighthe aníos as an uaigh ar maidin.
Tá an roilg sin suidthe in aice le loch Corrib, acht san am sin bhí aghaidh an gheata ar an loch, agus indhiú tá sé in aice an bhóthair. Dár ndhóigh bhí eagla ar na daoine san baile sin nuair a chloisfidís na sgéalta a n-innseóchaidh na daoine dhóibh mar geall ar na cuirp a bíodh tugtha aníos as an uaigh agus cé gho ndheachaid a lán daoine ar lorg na gcorp, ní bfhuairidís táisg nó tuairisg ar na cuirp ariamh.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Íde Ní Chuimín
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Seán Ó Mháille
Inscne
fireann
Aois
87
Seoladh
Béal an Átha Fada, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge