Scoil: Loch Eidhneach (uimhir rolla 16007)
- Suíomh:
- Loch Eidhneach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bríd M. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Eidhneach
- XML Leathanach 170
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thóg sí an leac agus chuaidh an rud ar a druimh ag. Dubhairt leí é a thógáil go dtí an céad teach eile. níor fhéad sé a dhul sa gcéad teach. Tabhair mé go dtí an céad teach eile. Níl mé indon caithfidh tú. D'imthigh sí leí mar sin fhéin. Nuair a sroiceadar an dara teach bhí siad i a gcodhladh sa teach sin agus ní raibh siad i-nann a dhul isteach. Chuaidh siad go dtí an tríomhadh teach. Bhí bean agus fear an tigh ag troid. Bhí cead aige a dhul isteach. Chuaidh agus bhí an bean óg tinn agus cuir sé i bás í. Tháinic sé amach Chuaid ar a druimh [dhruim?] tóg mé go dtí an áit a bhfuair tú mé. D'imtigh an bhean leí go dtainig sí go dtí geata na roilige glaoi an coileach mortán agus d'imthigh an rud dá druim.
- Bailitheoir
- Áine Ní Fhlaithbhearthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cúil na Ceártan, Co. na Gaillimhe