Scoil: Loch Eidhneach (uimhir rolla 16007)

Suíomh:
Loch Eidhneach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Bríd M. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0006, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0006, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Eidhneach
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “An Cáca faoi Dhraíocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Rinne bean an tighe cáca lá, agus chuir sí síos san oighean é le bácáil. Glaoidh sí isteach ar a mac Paidín annsin. Anois a Pháidín ar sise "tabhair aire maith don cáca seo, agus ar t'anam ná leig dó dóghadh. Tá mise ag dul sios go dti an tobar"
    Deanfaidh mé sin a Mhaim, arsa Páid. Rug an mháthair ar an gcanna, agus d'imthigh leí i gcoinne an uisce. Buacaill báire a bhí i bPáidín. Meas tú céard do rinn sé nuair bhí an máthair imthighthe? Dhruid sé anonn go dtí an cupord. Leag sé a lámh ar bhuidéal abhí ann. Rud eígin buidhe a bhí sa mbuidéal. Do bhí boladh láidir as. Dhoirt Páidín cúpla braon as an mbuidéal anuas ar an gcáca. Thosuigh an cáca ag at, agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2025: The Fleeing Pancake
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Seóige
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cúil na Ceártan, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Seoigheach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cúil na Ceártan, Co. na Gaillimhe