Scoil: Nead an Iolraigh (uimhir rolla 11669)
- Suíomh:
- Cluain Luáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bríd Ní Chadhain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cistí Óir i bhfolach
Is mínic a chúla mé na sean daoine timcheall na háite ag rádh go raibh ór i bhfolach i Crocán Na Sgeiche in Árd-na-gcraobha in aice tighe Séan Ó Cadáoin.
Siad na Danair a chuir ann é. Uair amháin chula duine in Árd- na- graobhach an sgéal. Chuaidh sé go dtí é agus chaith sé tamall maith ag obair ann agus fé dheire chonnaic sé an t-ór agus eascú mór in a suidhe cois an phota.
Nuair a chonnaic an t-eascú an fear d'fosgail sé a bhéal agus do rinne sé iarracht leimhrigh in a bhéal. Tháinigh eagla ar an bhfear chaith sé sgrot ar an teascú agus rit sé abhaile.
Fuair sé tinn agus chuaidh a athair go dtí bean na libhe i gClocán. Dubhairt sí, nuair is mian le duine ór a fhagail béigin do cath dubh a thabhairt leis agus é a chaitheamh isteach cuig an eascú agus nuair a bhfuil an cat agus an eascú ag troid an pota a(leanann ar an chéad leathanach eile)