Scoil: Leitirfreag

Suíomh:
Leitir Fraic, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Míchéal Ó hIfearnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0006, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Scéal
Bhí cailín ann uair amháin agus bhí sí chun phósadh. Acht bhí ar na sídheóga í fhágáil, agus ní raibh síad indhon í a thógáil gan duine beó bheith leó. Bhí fhios ag na sídheóga go leigfeadh an cailín sraith trí uaire, agus dá n-abradh aon duine Dia linn, ní bheadh na sídheóga indhon í a thógáil. Thógadar fear leó acht ba mhaith leis an fear seo an cailín.
Cuireadar an fear suas ins na fraghthachai[?] i dteach an cailín, mar bhí fhios ag na sídheóga go mbeadh féasta mór ins an teach, tar éis an bainnis. bhuel, in a dhiaidh an bhainnis a bhí féasta mór ag na daoine, sa teach.
Bhí an féasta, ag siubhal go breagh nuair a leig an cailín sraith, agus níor dhubhairt aoinne, Dia linn, do leig sí sraith eile, acht níor dubhairt aoinne, Di linn, nuair a leig sí an treasna sraith dubhairt an fear a bhí suas ins na fraghthachaib Dia linn a Mháire Ní Uaithín. Le sin thug na sídheóga buille dó agus thuit sé síos ar an mbord. Ón lá sin go dtí an seo, nuair a leigeann sraith, séard a deireann na daoine, ná, Dia linn a Mháire ní Uaithín.
Fuair mé an scéal seo ó Mhach Uí Mhainín, Ros Muc.
Domhnall Ó hIfearnáin

Bailitheoir
Domhnall Ó hIfearnáin
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Mach Uí Mhainín
Seoladh
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge