Scoil: S.N Salruic
- Suíomh:
- Salroc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máiréad Ní Chuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: S.N Salruic
- XML Leathanach 002
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí na h-aimsireComharthaí ón ngréin: 1 Nuair a theigeann an ghrian síos go déas dearg tráthnóna samhraidh - sin chómartha go mbeidh a lán áimsear bréagh againn. 2. Má bhíonn an ghrian dearg ar maidin uaireannta tagann báisteach an lá sin.Comharthaí ó'n gealach. 1. Nuair a feictear ceó i n-aice na gealaig tá báisteach ag teacht. 2. Nuair a fheictear fáinne mhór thart timcheall na gealaige tá báisteach ag teacht. Comharthtaí ó na réaltoga. 1. Nuair a bíos na réalta an gheal deirtear go bhfuil báisteach i ngar dúinn. 2. Nuair a thuiteas na réaltoga ó'n spéir bíonn stoirm is báisteach ag teacht. Comharthaí ó'n ngaoth. 1. Nuair a bhíos an gaoth adtuaidh ag séideadh tagann aimsear cruaidh sioc agus báisteach. comharthaí os na héanlaithib. 1. Nuair a thagann ealaí go dtí na locaí thart annseo tá stoirm ag teacht.(leanann ar an chéad leathanach eile)