Scoil: Baile Conghaile

Suíomh:
Baile Conaola, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. A. Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 106

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 106

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Conghaile
  2. XML Leathanach 106
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Lá breágh amháin i nárd an tsamhraidh chuaidh fear amach ag iascaireacht.

    Lá breágh amháin i nárd an tsamhraidh chuaidh fear amach ag iascaireacht. Bád seo bhí aige ach chiuinigh an ghaoth agus ní raibh maitheas san seol. Chuir sé amach na maidí iomairí agus lean ar aghaidh gur shrois sé tánaidh uisce leis na sgeirdí. Bhí sé sgathamh ag marbhadh ballach agus nuair a tháinig tuirse air isteach leis i gcaladh beag sna Sgeirdí le biadh a chaitheamh ach pé ar bith sgéal é thuit sé 'na chodladh tréis an biadh a bheith caithte aige. Nuair a mhúscail sé bhí an bád tirm i lár plásóige bhí ar bharr tighe. Bhí fear breágh 'na sheasamh le taoibh an bháid agus cuma míshásamhail air. 'Tá dochair déanta agut indiu a mhian-leig tí d'ancaire síos tré mo sholus-ghréine agus tá é i lár an urláir. caithfidh tú é sgaoileadh anois láithreach'.
    'Ó! tá brón mór orm, ní raibh fhios agam go raibh mé in ait ar bith mar seo', arsa an fear.
    Chuaidh an fear isteach leis an bhfear uasal agus faitíos go leor air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    T. A Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)