Scoil: Baile Conghaile

Suíomh:
Baile Conaola, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. A. Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 088

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 088

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Conghaile
  2. XML Leathanach 088
  3. XML “Tuairimí na nDaoine faoin Aimsir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Comharthaí Droch-aimsire:-
    1. Má bhíonn an ghealach ar a druim.
    2. Má bhíonn ciorcal mór-thimpeall na gealaighe = báisteach
    3. Tuar- ceatha ar maidin
    4. Má bhíonn sop (féir) ag muc 'na béal ag dul go dtí an cró.
    5. Na muca mí-shuaimhneach = báisteach.
    6. Na madraí a bheith ag ithe féir = báisteach.
    7. Na cearca ag piocadh a gcleití.
    8. An cat agus a thóin le teine-
    9. Na héanlaith mara ag teacht ar dtalamh.
    10. Má fheiceann iascaire an roc go hard san ángaigh comhartha séideáin mhóir é sin.
    11. Na luaithridh fén teinidh a bheith gorm = garbh.
    Treo na Gaoithe
    a) Má eitleann an caileach dhubh i dtreo áirithe nó má leathann sí amach na sgiatháin agus í ar charraig ag feachaint i dtreo ar bith séidfidh an ghaoth ón treo sin gan móran moille.
    Nuair a léimeann an breac geal i dtreo áirithe séidfidh an ghaoth ón áird sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    T. A. Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)