Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)

Suíomh:
Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sorcha M. Ní Dhonnchadha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dúnlocháin | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

ag inseacht sgealta. Chuaidh siad go dtí an tríomhadh teach agus bhí siad ag troid. Chuaidh an diabhal isteach go dtí an teach in a raibh siad ag troid agus dubhairt sé "béid mise an chuile oidhche san mbliadan má tá sibh ag troid." Dubhairt an t-athair leis an mac " Bhí mise ag moladh mé féin indé" agus dubhairt sé leis an mac "Ná mol agus ná cáin tu féin arís."

(6) Bhí fear ann fadó agus bhí buachaillí aimsire aige. Bhí sé an ghortach agus ní thuibhradh sé leath a sáith le n-ithe dóibh. Nuair a shuidheadh siad síos go dtí a mbéile d'eirgheadh an fear agus ní bhead leath a sháith ithte aig e agus dhéarfadh sé "Tá mé féin sásta agus tá mo bhean sásta agus duine gan náire nach bhfuil sásta." Ní raibh na buachaillí aimsire i ndon obair a dhéanamh . Bhí file ag dul thart lá amhain agus thosaidh sé ag obair leis. An oidhche sin dubhairt fear an tighe an rud céadna mar dhubhairt sé leis na buachaillí eile acht níor eirigh an file gur ith sé

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Ghórthain
Inscne
baineann
Seoladh
Manainn Mhór, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Bhal Ghórtain
Inscne
baineann
Aois
50
Teanga
Gaeilge