Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)

Suíomh:
Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0005, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dúnlocháin
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanchas i dtaobh na h-aimsire
    An spéir a bheith glégeal sin comhartha aimsire breágh agus nuair atá sé dubh dorcha ta báisteach ag teacht.
    Nuair atá dath gorm ar an ngríosach tá athrú aimsire ag teacht.
    Nuair bhíonn deatach na teine ar fud an tighe tá athru aimsire ag teacht agus nuair a bhíonn ballaí an tighe fuar fliuch sin cosamhalacht báistighe. Nuair bhíonn an glasóg ag teacht go dtí an doras tá droch aimsir ag teacht. Nuair a fheiceas muid na géanna fiadhaine ag eitilt go hárd insan spéir tá sioc agus sneachta ag teacht. Nuair a bhíos na crotaigh ag feadghail tá báisteach air agus nuair a theigheann an ghaoth in aghaidh na gréine tá droch aimsir ag teacht. Nuair a theigheann an car síos go dtí an teine tá sioc ag teacht. Nuair a itheann an mada an féar glas ta droch aimsir ag teacht agus nuair a bhíos na míolróga amuigh le tuirim an tráthnona tá báisteach ag teacht. An fhairrge a bheith an gharbh sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fhlaithbhearthaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Confhaola
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67