Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gan an ghruaig a bhí ar cúl a cinn a chíoradh nuair a gheobhadh sí bás ach í a fhágáil mar do bhí sí feistighthe. " Agus thug tú aird uirthi?" ars' an sean-fhear. "Thugas, i Domhnach", ars' an inghean. "Anois," ars' an sean-fhear, 'san oidhche 'máireach nuair bhéas mise imthighthe teighidh síos go dtí an roilig agus tóigigidh an corp agus cuartuigidh an ghruaig go bhfeice sibh céard a gheobhas sibh".
"Déanfamuid sin", ars' siadsan "agus go raibh míle maith agad as ucht do chomhairle."
San oidhche lé'n na mhaireach, nuair bhí gach ní ciúin chuadar agus thóigeadar an corp agus fuair siad cúig céad púnt fuaighte suas i n-a gruaig agus, tar éis an corp a chur ar ais 'san uaigh, tháinic siad abhaile go ríméadach.- Bailitheoir
- Máirín Ní Thuathail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. na Gaillimhe