Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a cómhnuidhe i gClochán Árd agus bhi bruinglóid aige agus shíl sé go raibh sparán óir i bfolac in droichead Luimnigh. D'innis sé dá mnaoi ar maidin faoin brionglóid agus dubhairt sise leis dá mbéadh a leithéid aige trí h-oidhche in a dhiadh a chéile go gcaitheadh sé bheith fíor. An céad oidhche eile agus an oidhche in a dhiadh sin arist bhí an brionglóid ceadhna aige. An céad lá eile, bóg sé leis go moc ar maidin agus níor stop sé gur shroic sé Luimneach. Chuaidh sé amach ar an droichead atá thar an abhann.
Casadh fear leis annsin agus thosuigheadar ag cainnt. D'innis sé d'on fear céard a tug ann é. "Nach aisteac an rud é" ars an fear eile "go raibh mise ag brionghlóidig go bhfuighinn pota óir buí i bhfolach sa sean balla i teampall Naomh Feicín in Iomhaidh (= Omey). Acht c'en caoi a rachaidh mé annsin agus gan a fhios agam ca bhfuil an áit sin?"
Níor dhubhairt an fear as Clochán Árd aon rud leis sin acht d'imigh sé leis abhaile chomh thapaidh 's bhí in a cosa. Siar leis go n-Oileán Iomaidh. Cuartuigh sé ins na sean-fothraca agus ba gearr a bhí sé ag cuartugadh go bhfuair sé an pota bréag óir ann agus ní bréag arádh gur cuir a bhean na mílte fáilte roimhe nuair a tháinig sé abhaile leis on óir.- Bailitheoir
- Máire Ní Chodhain
- Inscne
- Baineann