Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
D'innis Pádraic mac Fhlannchadha dhom go raibh a athair mór in a chómhnuidhe in oileán i Loch Coirib. Lá d'a raibh a bhean agus a chlann ar an aifreann agus eisean sa mbaile ag tabhairt aire do'n teach agus pota fataí bruithte aige le h'aghaidh an dinnéir, tháinic girrfhiadh isteach agus thug leis (pota) prátaí as an bpota a bhí ar an teallach. Tháinig sé aríst agus thug leis fata eile. Lean air mar sin go raibh chuile fhata d'a raibh ann tugtha leis aige. Níor bhac an sean fhear é.
Nuair a d'fhill na daoine ó'n Aifreann, bhí iongantas ortha nuair nach raibh aon fataí bruithte rómpa. Níor dhubhairt fear an tighe aon ceo faoi'n ngirrfhiadh acht dhíol sé an t-oileán chomh luath is fuair sé deis air 's chuaidh sé in a chomhnuidhe ar an tír mhóir.
Girrfhiadh draoidheacta a bhí ann.