Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na súile asat-sa "pioc" adeir an fear "ait ba mhaith an lá dom é mar tá mé pósta anois le inghean ríogh agus tá an oiread airgid agam is nach bhfuil fhios agam cé air a bhriathnós mé"
"Pioc na súile asamsa anois" adeir an fear eile agus gabhfaidh mé isteach sa mballa agus beidh fhios agam a bhfaigheadh mé leigheas. Pioc sé na súile as agus nuair a d'fhág sé an fear eile chuaidh sé isteach sa mballa agus chuaidh sé i bhfoghlach. Nuair a tháinic na cait isteach dubhairt siad "Innis sgéal a Shaibh" "Innis scéal a Mheadhbh". "Innis scéal tú féin a Rí na gCat". Dubhairt Rí na gCat "Ni mór dúinn an teach a chuartú go bhfeicidh muid an bhfuil aoinne istigh". Thosnuigheadar ag cuartú agus fuair siad an fear agus stroic siad ó chéile é. "Anois" adubhairt siad " ní thiochaidh tú níos mó ag tabhairt sgéalta uainne" Nuair a chuala an fear a chaill na súile roimhe sin an sgéal chuir sé paidir chun Dé a shábháil é agus bhí na daoine ag fiafruigheadh cé'n fáth ar phioc sé na súile as (gurab é féin) agus dubhairt sé gurab é féin ba chionntach.