Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bhí madadh iongantac cliste ag mo Sean athair trath. Ní raibh sarú an mada sin le fágháil sa tír agus bhí muinntir na seact bparóestí ag cainnt faoi agus ag déanamh iongantaisde tairgead céad punt do mo Sean athair air acht ní sgarfadh sé bis an madadh ar óir na Cruinne nidh nac iongnad mar bhí ar chumas an madaidh cuile rud a dhéanam act amháin labhairt.
Maidin amháin i lár an tSamraidh d'imthigh laogh óg amac as an ngairdin agus as go brach leis ar a seacht nditcheall tart timceall na Páirce agus mo Sean Atair in a thréan rith in a dhiaidh. Acht ní raibh sé abalta é do thabairt ar ais.
Bhain se trian as gac seift act bhí sé fanac aige. Ar ndóigh bhí an madad ag cabrú leis act obair in airge a bhí acu.
Fe deire as go brach leis an madad fé déin an tighe. Isteac leis i dteac an bainne agus chas a iorball i mbainn reamar agus ar ais leis ar nos na gaoithe. Suas leis go dtí an laogh agus thug an t-iorball dó. Thosuig an laogh ag ligheadh an iorbaill go cneasta agus isteac leis indiaid an(leanann ar an chéad leathanach eile)