Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)t-athar". Chuir siad iad féin i gcóir le dul ag teach athar na mná. Bhí siad ag imtheacht ag an trí chlog san lá. Dubhairt an bean "beidh muid deirneach anois mar tá píosa maith le dul againn. D'fiafruigh Tomás dhí cá raibh a h-athar ina chómhnuidhe. "Tá sé ina chómnuidhe i gCúige laighean" ar sise. Bhí siad ag imtheacht leo ar a bhealach go raibh sé i bhfad amach san oidhche. Ar capaill a bhíodar. Stad an capall i lár an bhótair mar tháinig plód mór daoine rimpe. Bhí Tomás ag bualadh an chapaill gur mharbhuigh sé í. Nuair a bhí sin déanta aige chuir sé a pháiste ar a gualainn agus dubhairt sé "Goirm fhéin is coirsigheann tú mé féin agus mo bhean agus mo pháiste". D'imthigh leis go dtáinig sé go teach Rí laighneach. "Céard a dhéanfeas muid anois?" arsan bean "Marthochaidh m'athair muid mar ní bheidh fhios aige cé bhéadh ag tigheacht an tráth seo d'oidhche. Is fearr dhúinn fanacht go maidin in ait eicínt thart annseo. "Ní marbhóchaidh sé" arsa Tomás "tar uait isteach. Tháinig Tomás ag an doras agus bhuail crag air. D'eirigh an cailín agus d'odgail sí an doras. Chuaidh isteach i seomra an rígh agus dubhairt sí leis nach bhfaca sí aon bean ariamh ba breághtha is bhí ag an doras agus an páiste mar an gceadna. Tá siad ag iarraidh didéan go maidin ar sise. "Leig isteach san gcistin go maidin iad" ars an rígh. D'eirigh sé fein go bhfeicfeach sé an bean bhreágh. Chonnaic sé í agus ar an bpoinnte dubhairt sé leis a bhean go raibh an cos amhlacht aice le an h-ingean féin . "Cé'n saghas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Cadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Conghailligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe