Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach iad. Ní raibh Tomás acht taobh amuigha de'n doras nuair a chuala sé an glor istigh agus seard adeir an glór ná "Cé'n mhaith dhó í mar ní bheidh aon cainnt aice go mbainneadh a mac féin aistí é. "Beidh sí sin luath go leór" arsa Tomás ina intinn fhéin. D'imthigh leis abhaile agus an conra ar a druim aige. Nuair a tháinig sé go dtí an doras bhuail sé crag air. D'eirigh an cailín agus d'osgail sí an doras. Isteach leis agus leag sé an conra i lár an urláir. Bhain sé an clár dhe agus d'ith sé féin agus an bhean a suipéar. Ar maidin lár na bhárach chuaidh siad go dtí an sagart agus pósadh iad. Bhí siad ina gcómhnaidhe i dteach a athar agus an bhean seo ag obair go cruaidh. Ba ghearr go raibh mac aice. Bhí an cion ag an t-sean mháthair agus ag an sean athair ar an mac seo. Ceannuigh an sean-mháthair liathróid cumáinn dhó agus cumáinn le bheith dá bualadh. Thárla san am sin go raibh casa gloinne ar an dreisiúr acu. Bhí an páiste ag bualadh an liathróid lá agus bhuail sé ar an dreisiúr é agus briseadh an gloinne. D'eirigh an sean-mháthair agus bhuail sí buille air. D'eirigh a mháthair féin agus thug buille eile dhó agus dubhairt "dá mbristheá an méid san ar m-athar-sa ní bhéadh fhios aige a mbrisfeá luach leath - phinghinn. Bhí Tomás ag tigheacht faoí'n doras an t-am sin agus chuala sé a bhean ag cainnt. Dubhairt Tomás "Ó tá cainnt agatsa, is gearr go mbeidh muid i dteach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Cadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Conghailligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe