Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teach breágh ann. Ní fhaca sé an teach san áit sin ariamh cheana agus ba mhinic a chuaidh sé an bealach agus dubhairt sé leis féin gur gearr a bhí an teach sin dá dhéanamh. Dubhairt sé nach rachfach sé thar an teach gan dul isteach. Tháinig sé go dtí an doras agus bhuail crag air. Sé an freagra a fuair sé ná nach bhféidir leis a dhul isteach agus an rud a bhí ag iomchur aige . Bhí paca cártaí ina phóca aige agus chaith sé siar thar a chloigeann iad. D'osgail an doras agus isteach leis. Bhí go leór daoine istigh agus bhí aithne aige orra agus go leor eile nach raibh aithne aige orra. Bhí cuid de na daoine ag tigheacht go dtí é agus ag fiafruigh dhe caide ó cailleadh é. "Níor cailleadh mise chor ar bith" ar seisean. Ní raibh sé i bhfad istigh nuair a tháinig ochtar fear isteach agus conthra aca. Thosuigh gach dá raibh istigh ag breathnú síos san gconra. "An miste dhom-sa breathnú síos innte" arsa Tomás. "Ní miste" ar siadsan. Nuair breathnuigh sé síos innte ní fhaca sé aon bean ariamh a bhí chóimh breágh léithí. D'fiafruigh sé do'n ceannaire a bhí ann an dtiubhradh sé an bean do'n fear a bhfearr a bhí in ann i throid. "Tiubhradh" ar seisean "mar ní féidir nó tá fear eicínt ar trí chéad fear níos fearr na tusa. Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Bhí Tomás dá dtroid ó dhuine go duine gur beagnach go raibh gach marbhú aige. Dubhairt an ceannaire "caith amach é féin agus an bean nó beidh gach duine marbhú. Leis an gcainnt sin caitheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Cadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Conghailligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe