Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus ná leig aon fiacail uirthí. Chuaidh an cailín a bháith iad ar fad go dtí teach an rí. Bhí fhios ag mac an rí go maith nach í a bhean féin a bhí ann acht níor dubhairt sé ach "Síl mé nach mar seo a bhéinn". Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Bhi buachaill ag obair ag an rí agus lá amháin bhí sé ag marbhú muice in aice na h-aibhne. Chonnaic sé an ollpheist ag tígheacht ar an trágh. Leig sí amach as a bholg an bean agus an cúigear páistí ba bhreághtha dá bhfaca aon duine ariamh. Ní raibh fios ag an mbuachaill cé h-iad fhéin. Nuair a tháinig sé abhaile an tráthnóna sin d'fiafruigh mac an rí dhe céard a chonnaic sé ar an trágh. "Chonnaic mé iontantas na n-iontantas" ar seisean. "An miste dhuit a innseacht dhom céard é sin?" arsa mac an rígh. "Ní miste" arsan buachaill agus d-innis dhó cé'n saghas mná a bhí ann agus cé'n saghas páistí a bhí ionnta. Bhí fhios ag mac an rígh go maith ar h-iad féin. "Marbhóchaidh tú muc eile amárach" ar seisean "agus rachfaidh mise in éinfeacht leat. Lár na bhárach chuaidh an bheirt acu go dtí an abhainn. Ní raibh siad i bhfad ar an dtráigh nuair a tháinig an ollpheist agus leig amach an bean agus an cúigear páistí. Chuaidh an fear anonn go dtí an bhean agus bhí sé ag cainnt léithí. "Tá sé in am agat a bheith ag imeacht" ar sise nuair a bhí píosa cainnte déanta aca. "Ní bheidh mé ag imtheacht chor ar bith" ar seisean. Thóg sé amach a sgian as a phóca leis an ollpheist a mharbhú. "Ní dhéanfá an sgian sin aon mhaith". Leis an gcainnt sin thóg sí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Chadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chonghailligh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe