School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine agam-sa a chuirfeadh treasna mé bhéarfainn cúigear páistí dhó a mbéadh fleasg óir i gclár a n-éadain agus fleasg airgid i gcúl a gcinn. Leis an gcainnt seo a cloisteál do mhac an rí labhair sé "cuirfí mise treasna thú" ar seisean."Go raibh míle maith agat" arsan gcailín. Fuair sé bád agus chuir sé an triúir cailíní treasna. Phós sé féin an cailín a raibh an chlann le bheith aice. Thug sé go dtí teach an rí í. Bhíodar go sona sásta le chéile go ceann tamaill. Ba ghearr go raibh páiste aice. Bhí fleasg óir i gclár a éadain agus fleasg airgid i gcúl a chinn. Tháinig an deirbhsiúr ag breathnú uirthí. Thug sí léithe cat agus leag sí isteach san leabadh é. Thóg sí amach an leanbh agus thug sí síos go dtí an abhainn é. Bhí ollpheist san abhainn. Dubhairt sí "sloig é seo, a ollpheist agus ná leig fiacail air. Nuair a tháinig mac an righ isteach tar-éis a bheith ag fiach leig sé osna agus is beag nár leag sé an chabhail éadain sa teach. "Shíl mise nach mar seo a bhéinn" ar seisean.
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Ba ghearr go raibh leanbh eile aice. Tháinig an deirbhsiúr ag breathnú uirthí arís. Thug sí léithí mada agus leag sí san leabadh é. Thóg sí léithí an leanbh go dtí an abhainn. Dubhairt sí an rud céadna leis an ollpheist. Bhí an sgéal mar sin go raibh an cúigear páistí tugtha go dtí an abhainn. D'fhág an deirbhsiúr rud eicínt i n-áit gach páiste a tugadh sí go dtí an abhainn. Bhí sí ag siubhail thart í féin agus an deirbhsiúr. Bhí siad ag siubhail thar an abhainn. Chaith sí an deirbhsiúr féin isteach in éinfeacht leis na páistí agus dubhairt "sloig í seo, a ollpheist(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chadhain
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Brighid Ní Chonghailligh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe