Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cuirimse faoí geasa tú agus faoí mhór imirce na bliadhna gan an dara greim d'ithte as aon bhaisin gan an dara blogam a ól as aon cupán agus gan an dara néal a codladh ar aon leabhadh go n-abrócaidh tú go mbeannuighidh Dia isteach annseo tigh shean nduine na feasóige liata. Tháinig sé abhaile agus luighe sé ar a leabadh agus leig sé osna agus bhris an gabhail éadainn san teach. Mac Rí faoi geasaí thú ars an Rí. Seadh arsa an mach.Cé na gheasa atá ort arsa an Rí. Siad na geasa atá orm ná gan an dara greim d'ithte as aon bhaisin gan an dara blogam as aon chupán gan an dara néal a codlad ar aon leabadh go n-abrocaidh mé go mbeannuighidh Dia isteach annseo tig sean duine na feasóige liatha. Sin rud nach bhfuil gá dhuit a dhéanamh arsa an Rí. Is cuma liom arsa mac an Ríogh ní codlódhchad go deo faoi geasaí Chuaidh sé go dtí a charrascríost agus d'innis sé dí na gheasaí a bhí air. Rinne sí trí cacaí min-coirce dhó as a bainne cích féin. Nuair a bhí siad réibhtighe aice thug sé dó iad agus dubhairt sí leis go raibh triuir dearbhráther aice sa domhan thiar. Tá ancail dhonn agam agus tiúbhraidh mé dhuit í. Nuair a thiocfas tú chomh fada leis and cead dearbráthair aithneóchaidh a cuid madraí an capall agus leigfead siad thart thú. Thug sí amach as an stapla an capall aige(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Chadhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Conghailligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe