Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Suíomh:
Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 052

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 052

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Leathanach 052
  3. XML “Scéal faoi Dhónall Ó Conaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Lord mór i mBláth Cliath agus chuir a bhean píosa antraide dá dhéanamh le adhbhar léinteacha don’n Lord, nach raibh a leithid le fághail. Chuir an Lord an cóistóir ag coinnigh chuig an fíghadóir é. Nuair a bhí an cóstóir ag dul abhaile bhí sé ag dul thar a theach féin agus chuaidh sé isteach. Dubhairt a mbean leis go mbainfidh sé adhbhar léine de’n antraid a bhí aige. Dubhairt a cóstóir léi gan a bhaint má bhí an t-ádh uirthe. Bhain sí adhbhar dhá léine de’n píosa antraide i ngan fhios do’n Cóstóir. Rinne sí léine do’n Cóstóir. Nuair a chuaidh sé istigh san yard casadh bean a’ Lord air agus thug sí fá ndeara a léine a bhí air.
    Chuir sé fios ar na “Peelers” agus tógadh an costóir. Cuireadh isteach sa bpríosún é go dtí lá na cúirte. Chuaidh bean a’ Cóstóir go dtí Dómhnaill Ó Chonnaill agus dubhairt sí leis an rud a d’éirigh. Dubhairt D. Ó’Chonaill go gcrochfadh an Cóstóir muna raibh adhbhar dhá léine aice. “Imthigh anois” arsa D. Ó Chonaill “agus déan léine eile damh-sa.” Lá na cúirte cuireadh léine an Lord agus léine an Cóstóir le chéile agus dubairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Dónall Ó Conaill (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Cadhain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Bhreathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    An Pháirc, Co. na Gaillimhe