Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Suíomh:
Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Leathanach 047
  3. XML “Cnoc Meá”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bhí píobaire síos i gCnuic Mágh. Bhí cailín óg darbh ainm Miss Cirón i gCaisleán Naicéad. Buaileadh suas tinn í agus ní raibh aon dochtúr i Sasana ná Éire a fhéadfadh í a leigheas. Bhí an píobaire seo ag dul abhaile thar-éis a bheith ag seinm ceól nuair a casadh sidheóg leis ar an mbealach. Dubhairt an sidheóg leis dá ndéanfadh sé an rud a déarfadh sé fhéin leis go mbéadh sé in ann an cailín a leigheas. “Ach anois” ars an sidheóg “nuair a leigheasfaidh tú an cailín sin gheobhfaidh tú a lán airgid agus beidh ort cuid de a thabhairt domh-sa.” D’innis sé dó an chaoí a leigheasfadh sé í. Dubhairt sé leis an clogann a bhaint den gcailín agus é a chur síos i bpota uisge bog. Nuair a tháinig sé isteach ’san dteach bhí na daoine ar tí é a caitheadh leis an ngunna acht sa deire tugadh isteach é agus isteach ’san seómra ina raibh an bean óg. Níor fhág sé duine ar bith ’san seómra acht é féin agus an cailín a bhí tinn. Bhain sé an clogann díthe agus chuimil sé an buidéal a thug an sidheóg dó air agus chuir sé an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Innéacs seanscéalta
    AT0753: Christ and the Smith
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Cadhain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    An Pháirc, Co. na Gaillimhe