Scoil: Carnán (uimhir rolla 14031)

Suíomh:
An Carnán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carnán
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “Lucht Siúlta na mBóthar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lucht siubhalta na mbóthar.
    Téigeann daoine bochta tré mo bhaile dhútchais. Bíonn cuid acu ag iarraidh lóistín ins na tíghthe agus campuigheann cuid eile ar thaobh an bhóthair. Chuala mé go raibh daoine de'n tsórt sin ag dul thart riamh agus bíonn siad ag díol rudaí beaga.
    Ní bhíonn fálta rómpa agus caitheann siad trí nó chéitre lá ann. Ní bhíonn aon bheatha acu ach gheibheann siad déirce ó na daoine. Bíonn asal ag cuid acu agus capall ag chuid eile agus "Van".
    Na "Wards" agus na "Sweeneys" an dream is minich a thagas go dtí an baile seo. Tagann siad le h-aghaidh laetheannta saoire agus le na h-aontaighe agus go minich le h-aghaidh báire.
    Tá siad ag siubhal na tíre agus feiceann siad chuile shórt agus annsin bíonn siad inann sgéalta a innseacht. Beagán daoine a thagas go dtí iad anois ach roimhe seo théigfead na daoine go dtí iad ag éisteacht leobtha ag innseacht sgéalta.
    Deir sean mhuintir gurbh iad a rinne na tairngí le Mac Dé a chéasadh. Dubhairt Dia go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chóisthealbh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Cóisthealbh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe