Scoil: Carnán (uimhir rolla 14031)

Suíomh:
An Carnán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carnán
  2. XML Leathanach 030
  3. XML “Scéal Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal Beannuighthe.
    Bhí Mac Dé agus a dhá apstail déag ag siubhal thart lá. Tháinig siad go dtí teach in a raibh ceól agus damhsa. Bhí siad ag siubhal go dtáinig siad suas le teach eile agus bhí fear caillte san teach sin. Bhí muinntir an tíghe ag caoineachán agus dubhairt Naomh Peadar le Mac Dé go mb'aisteach an rud damhsa a bheith san teach sin thall agus fear caillte san teach seo.
    Dubhairt Mac Dé le Peadar "Sin é an caoi leis an saoghal mar ní airigheann fear trioblóid fear eile".
    Taréis tamaill tháinig siad suas le fear agus bhí sé ina luighe ar an mbóthar agus bhí sé marbh. Dubhairt Mac Dé le Naomh Peadar a phóca a chuartú. Bhí airgead aige agus dubhairt Mac Dé leis an t-airgead a fághail annsin.
    Nuair a shiubhail Peadar píosa indiaidh na h-apstail shantuigh sé an t-airgead agus d'fhill sé ar ais. Bhain Mac Dé an t-airgead uaidh agus chaith sé amach sa bhfairrge é. Dubhairt Mac Dé go bfágfadh sé sin gach duine a thagfadh ina dhiaidh sanntach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cóisthealbh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Cóisthealbh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe