Scoil: Carnán (uimhir rolla 14031)

Suíomh:
An Carnán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Riagáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Carnán | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Paidreacha.
Go mbeannuighid Dia dhuit a Pheadair gheal. Go mbeannuighid Dia is Muire dhuit fhéin. Cé'r codhladh tú aréir? In áit a codail Mac Dé. "Cé'r gcodhlóchaidh tú anocht? "In áit a codlóchas na boicht. Cé gcodhlóchaidh tú oidhche amárach? "Faoi cosaí Naomh Pádraig. Cé'r sin romhat. "Tá na h-aingeall. Cé'r sin in do dhiaidh? Ta na h-easpail. Cé'r sin ar do láimh dheas. Tá na naoí ndeór uisge bheannuigthe an Domhnaigh atá ag deanamh t-eolas do Naomh Pádraig. Muire is a mac, Brígid is a brat, Miceál árdaingeal leis a dá sgitheán gheal ag fanacht leis na h-ainmneacha go bhfuigfidh siad bás. Duine ar bith a abróchas an paidir sin ceannsa chuile lá ní thiocfaid a ainm go h-Ifrinn go deo ná go bráth.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Cóisthealbh
Inscne
baineann
Seoladh
An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Séamus Ó Cóisthealbh
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
50
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge