Aontaighe. Bíonn aontaighe ar siubhal tuairim is céithre míle ó mo bhaile dhuthchais. Baile-átha-'n-Ríogh an t-ainm atá ar an áit. Is san tsráid a bhíos an t-aonach i mBaile-átha-'n-Ríogh mar níl aon pháirc an aonaigh acu. Bíonn aontaighe in Gaillimh agus i dTuaim freisin ach deireann na sean daoine gurb é Baile-átha-'n-Ríogh an áit is ádhmhail. Bíonn aonach mór i Turlach-Mór gach bliadhain agus tagann ceanneactoirí ó gach áit mar tá páirc ann le h-aghaidh aonaigh. Bíonn na Gárdaí an gnóthac an lá sin ár ndóigh ní h-iongnadh é mar bíonn na tinncéirí ag troid. Bíonn na h-aontaigh níos fearr anóis ná mar a raibh siad. Nuair a bhíos daoine ag díol rud ar bith ar an aonach tugann sé airgead don ceanneachtóir agus "Luck penny" an t-ainm atá ar an airgead sin. Nuair a bhíos fear ag díol capaill tagann sé in-éinfeacht leis an gcapall mar deireann na sean daoine go bhfuil sé céart.
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »