Aimsir Ins an nGeimhreadh nuair a bhíos an spéir dearg sin comhartha aimsir bhreagh agus san nGeimhreadh freisin nuair a bhíos an spéir dearg sin comhartha go mbeidh sioc ann. Má bhíonn an ghealach bun-os-cionn sin comhartha go mbeidh an aimsir an dona. Nuair a bhíos néalta móra dubha san spéir sin comhartha báistighe Tagann go leor báistighe leis an ngaoth ó dheas. Deireann na seandaoine 'An ghaoth aduaidh bíonn sí fuar agus cuireann sí fuacht ar dhaoine'. Má bhíonn na fainleoga ag eiteall sin comhartha báistighe agus má bhíonn na crotaighe ag sgreadach ar maidin sin comhartha báistighe agus má bhíonn siad ag sgreadach san trathnóna sin comhartha aimsir bhreagh. Nuair a bhíos an aimsir bog téigheann an ghal ó thuaidh.
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »