San am-fadó bhí fear in-a chomhnuidhe igConamara agus bhí bó aige. Bhí féar fada ag fás ar thaobh an tighe. Shíl sé go gcuirfeadh sé an bhó suas ar thaobh an tighe go n-íosfadh sí a sáith.
Chonnaic fearr eile é agus dubhairt sé "Céard tá tú a dhéanam? Dhubhairt an fear go raibh sé ag cur na bó suas ar thaobh an tighe go n-íosfadh sí an feár. Cé'n fáth nach bhfágann tú corrán agus nach ngearrann tú an feár le na chaitheamh síos dí? Dhubhairt an fear nar chuimhnigh sé air sin.
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »