Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 076

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 076

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eoghanacht
  2. XML Leathanach 076
  3. XML “Triúr Mac an Rí”
  4. XML “Scéal Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    imtheact go dtáinig siad go dtí teac mhic an rí.
    Ar an bpoinnte agus thuirling sé d'imthigh an capall sna cosa anáirde. Chuir a athair fáilte mhór roimhe agus bhí an-áthas air nuair chonnaic sé an t-éan.
    Scéal Beannuighthe.
    Bhí Ár dTíghearna uair ag dul thart agus casadh daoine air agus dúbhradar go raibh na saighdiúirí ar a thóir agus go mbfearr dó dhul i bfolach. Ní raibh a fhios ag Íosa cén áit a gabhfadh sé acht isteach leis i mbuaile. Bhí caora agus gabhar annsin agus cuaidh sé go dtí an gabhar ar dtús acht thosuigh an gabhar ag béidiú. Chuaidh sé go dtí an chaora annsin agus luigh an chaora agus cuaidh sé i bfolach 'na chuid olna. Tháinig na saighdiúirí an bealach agus bhí príompalán agus ciaróg ag imtheacht ar thaobh an bhóthair. Chuir na saighdiúirí ceist urtho acht dúbhairt an chiaróg go ndeachaidh Íosa isteach i mbuaile tamall roimhe sin acht dúbhairt an príompalán "Eitheac Éitheach". Ariamh ó shoin tá an chiaróg malluighthe agus tá an príompalán beannuighthe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal Beannuighthe
    Bhí Ár dTíghearna uair ag dul thart agus casadh daoine air agus dúbhradar go raibh na saighdiúirí ar a thóir agus go mbfearr dó dhul i bfolach. Ní raibh a fhios ag Íosa cén áit a gabhfadh sé acht isteach leis i mbuaile. Bhí caora agus gabhar annsin agus cuaidh sé go dtí an gabhar ar dtús acht thosuigh an gabhar ag béiciú. Chuaidh sé go dtí an chaora annsin agus luigh an chaora agus cuaidh sé i bfolach 'na chuid olna. Tháining na saighdiúirí an bealach agus bhí príompalán agus ciaróg ag imtheacht ar taobh an bhóthair. Chuir na siaghdiúirí ceist ortha acht dúbhairt an chiaróg go ndeachaidh Íosa isteach i mbualie tamall roimhe sin acht dúbhairt an príompalán "Eitheac Éitheach". Ariamh ó shoin tá an chiaróg malluighthe agus tá an príompalán beannuighthe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Dhioráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Sruthán, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Direáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Seoladh
    Sruthán, Co. na Gaillimhe