Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eoghanacht
- XML Leathanach 057
- XML “Cleasanna agus Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cleasanna agus Cluichí.
Díol an Choirce
Bheadh suas le dhá dhuine déag b'fhéidir de stócaigh idir buacaillí agus cailíníbh agus a gcolpaí nochtuighthe agus slat ag an té a bheadh 'na mháighistir an té a bhíodh ag dhíol an choirce mar a dheadh. Bhíod ainm áithrid ar chuile duine, Dhá phíghinn, Trí pigne, ceithre pighne, agus mar sin dhe.
Dhéarfhadh an máighistir annsin. "Gabhfhaidh tú suas cluas an mhargaidh tiocfhaidh tú anuas cluas an mhargaidh agus tiubhraidh tú chugam-sa an t'airgead díreac arís gan pighinn ná leith-pighinn ar bith, corr agus cé méid sin ar an gcloich den choirce". Adearfadh sé le duine des na malraigh. Déarfadh sé sin "Cúig phignhe" cur i gcás le é a chur de féin. "Cúig pighne" adéarfhadh an máighistir agus dá mbeadh spás aige "cúig phighne" a rádh an darna h-uair sul d'freagróchadh an malrach a bheadh "chúig pignne" air geobhfhadh sé sin iarradh d'en slat ar na colpaibh. Dá mbeadh sé sáthach aibidh déarfhadh sé chúig "pighne". Déarfad an máighistir "cúig pighne" agus chaithfheadh an malrach "cúig phighne Sir" a rádh nó muna gcuirfheadh sé an "Sir" isteac bhí iarraidh ins na colpaibh le fághail aige. Cé méid sin ar an gcloich den choirce" adéarfhadh an máighistir agus déarfhadh malrac(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Flannagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Flártaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire
- Siúinéir
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seánín Taim Ó Direáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sruthán, Co. na Gaillimhe