Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eoghanacht
  2. XML Leathanach 047
  3. XML “An Talamh, Cur na bhFataí srl.”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Talamh, Cur na bhFataí srl.
    Is iomdha cineál talmhan atá in Árainn acht sén chaoí a rinneadh an cuid is mó de. Tá trí cineál talmhan 'na cuirtear fataí; talamh bán mar tugtar ar an talamh nuair a cuirtear an céad bárr air. Talamh ar an darna bárr a thugtar air an céad bliadhain eile agus talamh luirg a thugtar air uaidh sin amach. Tá an talamh ioncurtha cómh gann sin in Árainn nách fághtar ag tabhairt fhéir acht cupla bliadhain é. Baintear ceathair nó cúig de bharraibh fataí dhe agus annsin leigtear amac é sé sin cuirtear arbhar go h-ionndual air nó bféidir coirce corr uair agus síol féir freisin. Taréis an t'arbhar a bhaint annsin tugtaí coinnleach ar an talamh agus dhá mbeadh an talamh go maith agus an sío féir a bheith go maith bféidir go mbainfídhe bárr féar tirim de an chéad bhliadhain eile agus d'fágfaidhe ag tabhairt féir go ceann trí nó ceathair de bliadhantaibh é go saothróchthaidhe arís é. Go h-ionndual cuirtear sean leasú ar an talamh bán sé sin cuirtear brat d'fheamain air faoí Samhain nó as sin go Nodhlag. Bíonn aithleasú lé cur air arís annsin nuair a táthar dá chur agus d'feamain dubh is mó a dhéantar úsáid le h-aghaidh aith leasuighthe. Leagtar dhá dhorúgha lé cuire na h-iomaire agus sgartar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Dhioráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Sruthán, Co. na Gaillimhe