Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 043

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 043

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eoghanacht
  2. XML Leathanach 043
  3. XML “Fíogach ná Freangach nár Fhagaidh siad!”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    h-aon poitín d'ár óladar ariamh. Bhíodar lá eile thiar ar an gcladac agus bhí "jar" poitín ann agus an sagart tar éis deoch a thabhairt dóibh nuair fuagruigeadh go raibh na "peelers" ag teacht. Bhí an-imnidhe ar fhear an t'síbín ar fhaithchíos go mbéarfaidhe air acht dúbhairt an sagart leis an "jar" a chur faoin ceann salac a bhí ar an dúirling agus nach bfeicfhidís é. Chuir agus tháinig na "peelers" agus thorruigh siad chuile áit thart ar an sal acht deamhain blas d'en "jar" a fuaireadar. Deir siad go raibh an-chomhacht ag an sagart seo agus go mbíodh sé ag leigheas go leór daoine. Tá sé curtha i dteach phobail Eocalla agus bhí leac mhór ós cionn a uaighe acht cuireadh amach an bliadhain ceana í nuair bhítheas ag cur úrláir cláir sa séipéal agus tá sí leagtha le h-ais claidhe teach an phobuil fós.
    Tháinic athrú mór ar an saoghal ó shoin le feabhas buidheacas le Dia. Níl aon cháll do na daoinibh anois bheith a baint ola as éabha na bfiagac; tá chuile shaghas ola fairsing. Nuair thosaigh siad ag iasgac runnacaí le líontaibh i mBungabhla timcheall dhá fhichead bliadhain ó shoin bhíod na fiagaigh céadna ag déanamh sgrios ar na na líontaibh dhá stróiceadh agus séard dúbhairt cuid des na sean iondúiribh bhí beó an uair sin dá mbeadh an sagart sin ann go mbadh gearr an moill air na fiagaigh a chur ar gáilaibh mar chuir sé cheana.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Fhlannagáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Maireád Bean Uí Thuathail
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Creig an Chéirín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Flaithbheartaigh
    Ainmneacha eile
    Séamus Ó Flaithbheartaigh
    Séamus Ó Flártaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Iascaire
    Siúinéir
    Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Eoghanacht, Co. na Gaillimhe