Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eoghanacht
- XML Leathanach 034
- XML “Píolótaí na hÁite seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Píolóitidhe na h-áite seo
Bhíodh soithigh ag tigheact an-fairsing fadó go Gaillimh; soithigh seóil uilig - acht chuadar in deireadh go mór timcheall dhá fhichead bliadain ó soin nó mar sin. Badh bhreágh na soithigh iad agus badh deas an feic iad, scúnaerí, barcanna, longa a mbíodh seacht seól fichead ortha, brigeanna dhá chrann, sé seól ar chaon chrann ag seóldadh aniar thar an Oileán Iartharac agus a gcuid seólta crochta uilig. Bhí neart píolóitidhe san áit seo an t'am sin. Triúr no ceathrar sna bailtibh seo agus bhíodh coimhlinnt géar eatorra ag dul go dtí na soithigh. Bhí iallac ortha píolóitídhe a thógáil ó tiocfaide taobh istigh den Oileán Iartharach acht dá n'eirighead leó dhul thar Árainn san oidhche, óir is minic a théigheadh, bheadh píolóite beárna rómpa ar maidin go dtiubharfad sé ar ród na Gaillimhe iad. Cuala mé sean fhear a rádh a bhí ar bórd soithigh lá, brig a bhí innte, agus bhí an lá an-breágh. Ceangluigheadar an currach d'en soitheach, bhí sé 'na chalm, agus chuadar isteach sa soitheach ag breathnú uirthe. Ní raibh an caiptín acht bliadhain is fiche agus badh é an fear bádh bhreághtha a leagadar súil ariamh air é, gan onóir gan postamhlacht. Bhí an-fháilte ag an gcaiptín rómpa, thug sé íthe agus ól dóibh agus d'fiafruigh sé díobh an raibh aon phiolóitidhe eile san áit. Dubhradar-san go raibh agus triúr eile. Dúbhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ni Fhlannagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seánín Taim Ó Direáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sruthán, Co. na Gaillimhe