Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na sgoileanna ins an t'sean aimsir.
An céad máighistir sgoile a ndeachaidh mise ariamh aige Seán Mac Donchadha an t'ainm a bhí air. Níor thug mé faoi deara peann na dúbhach aige acht leaca agus sórt rudaí éigin le bheith ag sgríobh orthu. Sén chaoi a mbíodh sé oidhche i chaon teach ins gach baile; ní bhíodh tuarstal ar bith dó acht béile chomh maith is bhíodh ag muinntear an tighe dóibh féin. Cácaí fataí badh mhó a bhíodh ann agus badh mhó a bhíodh ann a phiocadh agus an croiceann a bhaint dhíobh le sgian, iad a nigheachán go maith agus go glan annsin bean a teacht agus a cuid lámha a nígheacán go maith agus naprún glan a chur uirthe agus "Scraper" a fhághail annsin agus na fataí a sgríobhadh ar éadach deas glan agus an t-éadach a bheith leaghtha ar ciseóg agus an chiseóg a bheith leagtha ar tubán go mdeadh an t-uisge ag silt síos ann agus é a fháisgeadh annsin leis an t'uisge a bhaint as agus é a shughadh annsin agus é a chur ar an ngridil tuairim orlach go leith ar tiughas. É a fhágháil ar an ngridil annsin go dtigeadh screamhóg dóighte air agus é ionntú annsin agus nuair a bheadh sgreamóg ar an taobh eile bheadh sé moltannach le n-íthe. Péire nó trí mar sin a dhéanfhadh béile don comhluadar. Poca beag uisge a chur síos ar an teine annsin agus é fhiuchadh mar ní raibh aon tae phota ann an uair. Nuair d'fhiuchadh sé, dhá cuid de tae agus cuid amháin e chaife mín a chur síos air sin agus chuild dhuine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ni Fhlannagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Flártaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire
- Siúinéir
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe